Sna laethanta sin aontófar teach Iúdá le teach Iosrael; tiocfaidh siad in éineacht as tír an Tuaiscirt go dtí an dúiche a thug mise ina oidhreacht do bhur n‑aithreacha.
Féach, tabharfaidh mé ar ais iad as an tír thuaidh, agus cruinneoidh mé iad ó na críocha in imigéin; iad go léir, an dall agus an bacach, an bhean torrach agus an bhean i dtinneas clainne; tiocfaidh siad ina gcuideachta mhór ag filleadh.
Go cinnte dearfa cruinneoidh mé Iacób go léir; baileoidh mé fuílleach Iosrael le chéile; déanfaidh mé aon bhuíon amháin díobh mar chaoirigh i loc nó mar thréad ar féarach sa chaoi go mbeidh na sluaite ann ag déanamh gleo.
Féach! An tráth sin cuirfidh mé deireadh leis na daoine go léir a d'imir ansmacht ort. Sábhálfaidh mé na bacaigh; baileoidh mé le chéile an mhuintir a ruaigeadh chun fáin agus gnóthóidh mé clú agus cáil dóibh i ngach aon tír ar cuireadh náire orthu inti.
Tá caoirigh eile agam chomh maith, nach den chró seo iad. Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith, agus éistfidh siad le mo ghlór, agus beidh aon tréad amháin ann, agus aon aoire amháin.