Sa lá sin - briathar Thiarna na Slua - tabharfaidh sé uaidh, an tairne sin a cuireadh i bhfostú san áit dhaingean. Ropfar amach é agus titfidh sé. Agus an t‑ualach iomlán atá ag crochadh as, brisfear é, óir tá an Tiarna tar éis labhairt.
is ansin a bheidh d'aoibhneas sa Tiarna; cuirfidh mé i do mharcach thú ar mhullaí cosanta na tíre. Beathóidh mé thú le hoidhreacht Iacóib, d'athair, óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.
Mar sin, ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil; ní chuirfidh aon duine eagla air.
Déanfaidh mé conradh síochána leo agus díbreoidh na hainmhithe allta ón tír, ionas gur féidir leo cur fúthu gan bhaol san fhásach agus codladh sna coillte.
Ní bheidh siad ina gcreach níos mó ag na ciníocha; ní bheidh siad á n‑alpadh ag ainmhithe allta na tíre. Cónóidh siad gan bhaol agus ní bheidh aon duine ina chúis imní acu choíche.
Déarfaidh tú: ‘Ionsóidh mé tír seo na mbailte gan bhallaí; ionsóidh mé an mhuintir chiúin seo a chónaíonn ar a suaimhneas i mbailte atá gan bhallaí ná barraí ná geataí.’
Tabharfaidh mé síocháin in bhur dtír, agus beidh codladh agaibh gan baol ó aon duine. Cuirfidh mé an ruaig ar ainmhithe allta as an tír; ní ghabhfaidh an claíomh thar bhur dtír.
Seasfaidh sé go daingean agus beathóidh sé a thréad trí chumhacht an Tiarna agus le mórgacht ainm an Tiarna, a Dhia. Mairfidh siad go slán sábháilte mar leathnóidh a chumhacht amach ansin go críocha na cruinne.
Ní dhéanfaidh siad aon éigeart, ní mó ná a inseoidh siad bréaga, agus ní bhfaighfear teanga chealgach ina mbéal. Is ea, iníorfaidh siad agus ligfidh siad a scíth, agus ní chuirfidh aon duine isteach orthu feasta.”
An lá sin, a deir Tiarna na Slua, tabharfaidh gach duine agaibh cuireadh dá chomharsa teacht agus suí síos faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí féin.’ ”