Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Míocá 4:12

An Bíobla Naofa 1981

Ach ní eol dóibh smaointe an Tiarna agus ní mó ná sin a thuigeann siad a rún; mar tá sé tar éis iad a bhailiú le chéile mar phunanna ar urlár buailte.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

D'fhoilsigh sé a bhriathar do Iacób; a reachtanna agus a fhoraitheanta d'Iosrael.

Ní dhearna sé amhlaidh d'aon chine eile; níor nocht sé a reachtanna dóibh.

Ach níorbh é sin an rún a bhí aige féin, ní amhlaidh don bhreith a thug sé ina chroí. Ní raibh ina chroí siúd ach fonn díscithe, an iomad náisiún a stróiceadh ó chéile.

A phobal liom atá do do bhualadh i do choirce ar an láithreán buailte, an ní a chuala mé ó Thiarna na Slua, ó Dhia Iosrael, is é atá á fhógairt agam duit.

Mar bhrionglóid agus mar fhís de chuid na hoíche do shluaite na gciníocha agus iad ag cur cogaidh ar Airéal.

Óir ní hiad mo bhearta bhur mbearta, ná ní hiad bhur mbealaíse mo bhealaíse, briathar an Tiarna.

Óir tá fios mo smaointe agam in bhur dtaobh - an Tiarna a labhraíonn - smaointe síochána agus ní oilc, a thabhairt croí agus dóchais daoibh.

“Ba thú mo thua catha, mo arm cogaidh. Is leatsa a threascair mé na náisiúin, a leag mé na ríochtaí.

Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cosúil iníon na Bablóine le hurlár buailte nuair a bhítear ag pasáil air; tamall beag, agus [luífidh an gráinne] a baineadh ansin.”

An uair sin doirtfidh mé mo spiorad fiú amháin ar bhur sclábhaithe, idir fhir agus mhná.

Tá a cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t‑arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí