Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Míocá 3:7

An Bíobla Naofa 1981

Ansin beidh náire ar na físithe agus ceann faoi ar an lucht fáistine. Clúdóidh siad a mbéal mar ní thabharfaidh Dia freagra orthu níos mó.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Ní fheicimid ár gcomharthaí, níl fáidh ann feasta ná níl aon neach inár measc arb eol dó cá fhad.

Níor fhéad na draíodóirí aghaidh a thabhairt ar Mhaois de bharr na neascóidí mar bhí neascóidí ar na draíodóirí mar a bhí ar na hÉigiptigh go léir.

Is mise a chuireann éarlaisí na ndraíodóirí ó rath agus a chuireann lucht asarlaíochta as a gcéill, a sheolann na saoithe ar a gcúil uaim agus a dhéanann seafóid dá stuaim,

“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”

Lig ochón asat os íseal, ná déan cumha ar son na marbh. Ceangail turban do chinn ort agus do chuaráin ar do chosa; ná clúdaigh do bhéal, ná hith arán na ndobrónach.”

Déanfaidh sibh mar a rinne mise; ní chlúdóidh sibh bhur mbéal, ní íosfaidh sibh arán na ndobrónach.

“An duine ar a bhfuil galar na lobhra, bíodh a chuid éadaigh ina ngeiríocha, agus a chuid gruaige ina mothall gan slacht; ní foláir dó a bhéal uachtair a fholach agus glao a chur as: ‘Neamhghlan! Neamhghlan!’

Féach, tá na laethanta chugaibh, a deir an Tiarna Dia, nuair a chuirfidh mé gorta sa tír, nach gorta bia ná dí é, ach díth dúile in éisteacht bhriathra an Tiarna.

Éifidh siad ar an Tiarna an uair sin ach ní thabharfaidh sé freagra orthu; folóidh sé a aghaidh orthu de bhrí go ndearna siad drochghníomhartha.

Feicfidh na náisiúin iad agus beidh ceann faoi orthu dá mhéad a gcumhacht. Cuirfidh siad a lámha lena mbéal agus beidh bodhaire ina gcluasa.

“Ar an lá sin, beidh náire ar gach uile dhuine de na fáithe faoina chuid físeanna nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht; agus ní chaithfidh siad clócaí róin níos mó d'fhonn daoine a mhealladh.

Lorg Sól comhairle ar Dhia: “An rachaidh mé síos ar thóir na bhFilistíneach? An dtabharfaidh tú ar láimh d'Iosrael iad?” Ach freagra níor thug sé dó an lá sin.

Ansin dúirt Samúéil le Sól: “Cad ab áil leat do mo bhuaireamh do mo tharraingt aníos?” “Tá suaitheadh mór orm,” arsa Sól, “mar tá na Filistínigh i gcogadh liom, agus thréig Dia mé, gan freagra á thabhairt aige orm ó bhéal fáithe ná le cabhair aislingí. Ghlaoigh mé ortsa dá bhrí sin chun a rá liom céard ba cheart dom a dhéanamh.”

Chuaigh sé i gcomhairle leis an Tiarna, ach freagra ní bhfuair sé trí thaibhreamh, ná tríd an Úirím ná trí fháithe.

(Sa seansaol in Iosrael nuair a théadh duine ag lorg faisnéise ó Dhia, deireadh sé: “Tar, téanam go dtí fear na bhfíseanna,” mar an té ar a dtugtar fáidh anois thugtaí fear na bhfíseanna air fadó.)




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí