Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Míocá 3:5

An Bíobla Naofa 1981

Is mar seo a labhraíonn an Tiarna i dtaobh na bhfáithe a chuireann mo phobal ar seachrán; fad a bhíonn rud éigin le cogaint acu fógraíonn siad síocháin ach fearann siad cogadh naofa ar an té nach gcuireann dada ina mbéal.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Ní maith é leathchuma a dhéanamh ar aon duine; ach déanfaidh daoine éagóir ar son ghreim aráin.

A phobal liom, atá faoi ansmacht gasúra agus faoi anfhorlann ag mná. A phobal liom, tá do lucht rialtais ar seachrán agus iad ag milleadh an bhealaigh romhat.

Síleann siad a thabhairt ar mo phobal m'ainm a dhearmad leis na haislingí a insíonn siad dá chéile, díreach mar a dhearmaid a n‑aithreacha m'ainm ar son Bhál.

Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha - an Tiarna a labhraíonn - a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad - an Tiarna a labhraíonn.

Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail, á rá: ‘Síocháin! Síocháin!’, ach níl aon síocháin ann.

“Gléasaigí cath uirthi! Faoi airm! Déanaimis ionsaí uirthi i lár an lae ghil,” “rí mhairg dúinne! Tá an lá ag imeacht tharainn, tá néalta nóna ag síneadh.”

Chonaic do chuid fáithe thar do cheann físeanna folmha fealltacha; níor nocht siad duit d'urchóid, rúd a chuirfeadh cor bisigh i do chinniúint; ní bhfuair siad thar do cheann sna físeanna ach oracail bhréagacha mhealltacha.

Sínfidh mé mo lámh i gcoinne fáithe na bhfíseanna baotha agus na dtairngreachtaí bréige. Ní bheidh áit acu ar ardchomhairle mo phobail, ní chlárófar iad ar rolla mhuintir Iosrael, ní leagfaidh siad cos ar thalamh Iosrael, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna Dia.

Bainfear tuisle asat i lár an lae ghil, (tuisleoidh an fáidh mar aon leat san oíche) agus dítheoidh mé do mháthair.

Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí” - sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.

De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas; múineann a sagairt ar thuarastal agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal. Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna agus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc? Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.”

“Ach i dtaca libhse de, d'imigh sibh ar fán ón mbealach ceart; bhí sibh in bhur gceap tuisle do mhórán daoine de dheasca bhur ndrochtheagaisc, agus chuir sibh ar neamhní an conradh a bhí déanta agamsa le Léiví, a deir Tiarna na Slua.

Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”

“Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh.

mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí