Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Míocá 3:1

An Bíobla Naofa 1981

Agus dúirt mé: Éistigí, a cheanna urra Iacóib, a thaoiseacha theaghlach Iosrael! Nach é bhur ndualgas é eolas a bheith agaibh ar céard is ceart?

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Thug mé casaoid do mhaithe Iúdá á rá: “Cad é mar mhí-iompar é seo agaibh ag truailliú lá na sabóide!

An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Níor ghlaoigh siad ar an Tiarna.

Éistigí le briathar an Tiarna, a thaoisigh Shodom; tugaigí cluas do reacht ár nDé, a phobal Ghomorá!

a dhiúltaíonn an cothrom do na dearóil, agus a chuireann bochtáin mo mhuintire as a gceart, a dhéanann na baintreacha a chreachadh agus a dhéanann slad ar na dílleachtaí.

Féach ar phrionsaí Iosrael ionat, gach aon duine acu ar a dhícheall ag doirteadh fola.

“A mhic an duine, tairngir i gcoinne tréadaithe Iosrael. Tairngir agus abair leo, is é sin, leis na tréadaithe: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mairg do thréadaithe Iosrael a bheathaíonn iad féin! Nár chóir do thréadaithe an tréad a bheathú?

Itheann sibhse an tsaill, gléasann sibh sibh féin le holann, maraíonn sibh an beithíoch biata, ach ní bheathaíonn sibh an tréad.

Dúirt sé liom ansin: “Is an-mhór ciontacht mhuintir Iosrael agus Iúdá, tá an tír lán d'fhuil agus an chathair lán d'urchóid; óir deir siad: ‘Tá an tír tréigthe ag an Tiarna, níl radharc ná súl ag an Tiarna.’

Tugaigí aird air seo, a shagarta! Éistigí, a theaghlaigh Iosrael! A theaghlaigh an rí, cuirigí cluas oraibh! Óir is é bhur gcúramsa an ceart a chosaint. Ach dol ba ea sibh i Miozpá, agus líon leata ar Thábór,

Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán, a chónaíonn ar shliabh na Samáire, sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil, a deir le bhur bhfir chéile: “Tabhair chugainn deoch go n‑ólaimid.”

Is mairg don mhuintir atá sócúil i Síón, agus a mhothaíonn slán sábháilte ar shliabh na Samáire, móruaisle scoth cine na gciníocha ar a mbíonn triall theach Iosrael.

Ag gluaiseacht rompu amach beidh an té a dhéanfaidh bearna dóibh. Brisfidh siad an geata agus imeoidh siad amach tríd. Gabhfaidh an rí rompu; is é an Tiarna féin a bheidh mar cheannaire orthu.

Mo náire sibh! An amhlaidh nach bhfuil aon duine stuama oraibh féin a d'fhéadfadh réiteach a dhéanamh idir a bhráithre,

“Ceap breithiúna agus feidhmeannaigh sna bailte go léir a bhronnann an Tiarna do Dhia ort do do threibheanna uile; tugaidís-sean a mbreith ar an bpobal de réir na ceartbhreithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí