Mar sin féin, ní sibhse mo phobal; éiríonn sibh suas ina choinne mar naimhde; baineann sibh a fhallaing den duine síochánta agus déanann sibh cime cogaidh den taistealaí neamhamhrasach.
Duine de lucht na síthe agus na dílseachta mise in Iosrael; tá tusa ag iarraidh cathair is máthair-chathair in Iosrael a scrios; cén fáth a ndéanfá oidhreacht an Tiarna a shlogadh?”
a alpann feoil mo phobail; is a bhaineann a gcraiceann díobh; a bhriseann a gcnámha agus a ghearrann ina bpíosaí iad mar fheoil i gcorcán nó mar chonablach i gcoire.
Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír; níl aon fhear ionraic i measc an phobail; bíonn siad go léir in oirchill na fola agus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.
Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.