Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Míocá 2:4

An Bíobla Naofa 1981

An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo: “Táimid scriosta go hiomlán; tá fearann mo phobail á thomhas le dorú agus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo; tá ár gcuid talún á roinnt amach.”

Féach an chaibidil Cóip

35 Tagairtí Cros  

Ansin chaoin Dáiví Sól agus a mhac Iónátán leis an gcaoineadh seo leanas.

Chum Irimia caoineadh do Ióisíá, caoineadh a dhéanann cantairí fear agus ban a reacadh fós inniu nuair a chaoineann siad Ióisíá; nós in Iosrael é sin anois; tá na caointe scríofa sna hOlagóin.

Agus lean Iób air lena aitheasc agus dúirt:

Féach mar tá deireadh leis an aintiarna! Féach mar tá deireadh lena dhíomas!

Creachta agus seanchreachta atá sí, mar thalamh; sladaithe agus deargshladaithe a bheidh, mar a d'ordaigh an Tiarna.

Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D'fhreagair sé mé: “Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad, na tithe gan duine daonna, an tuath tréigthe,

Má théim amach faoin tuath, féach na mairbh sínte leis an gclaíomh! Má théim isteach sa chathair, feicim an dream atá tinn le hocras; fiú na fáithe agus na sagairt, treabhann siad talamh, tá siad i mbarr a gcéille.’ ”

Féach, tá sé ag teannadh chun tosaigh ar nós na néalta, is cosúil le camghaoth a charbaid, is mire a eachra ná iolair, is mairg dúinn, táimid caillte!

Fágfar faoi dhaoine eile a dtithe, a bhfearann agus a mná in éineacht. Sínfidh mise amach mo lámh ar dhúchasaigh na tíre seo - an Tiarna a labhraíonn.

Tabharfaidh mé mar sin a mná céile do fhir eile, a bhfearainn do shealbhóirí nua, óir gach aon díobh ón té is lú go dtí an té is mó, santaíonn sé an brabach mí-ionraic; an sagart agus an fáidh araon, cleachtaíonn siad caimiléireacht.

Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha, agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh; óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann, ní chluintear níos mó géimneach na dtréad. Éanlaith an aeir agus na beithígh, theith siad araon, níl siad ann.

Scaipfidh mé i measc ciníocha iad narbh aithnid dá n‑aithreacha ná dóibh féin; agus cuirfidh mé an claíomh ina ndiaidh go scriosfaidh mé iad.”

“Lucht seanfhocla a chur trí chéile inseoidh siad an seanfhocal seo fútsa: Ba dual máthar di.

D'oscail sé é os mo chomhair agus bhí scríbhneoireacht ann ar thosach agus ar chúl, agus is é bhí [scríofa] air “caointe agus tuirimh agus marbhnaí”.

Cuirigí sacéadach oraibh, a shagarta, agus canaigí caoineadh! Déanaigí olagón, a lucht friotháilte na haltóra! Téanaigí, caithigí an oíche i sacéadach, a fhriothálaithe mo Dhé, mar tá an ofráil arbhair agus an íobairt dí díbeartha as teach bhur nDé.

Caoin thú féin mar a dhéanfadh maighdean a bheadh gléasta i sacéadach ar son céile a hóige.

Éist leis an oracal seo a fhógraím i d'aghaidh; is caoineadh é, a theach Iosrael:

agus beidh caoineadh sna fíonghoirt go léir, óir rachaidh mise thart in bhur measc, a deir an Tiarna.

Uair amháin eile tiocfaidh an gabhálaí chugaibh, a áitritheoirí Mháraeiseá. Scriosfar Adulám go deo ar nós ghlóir Iosrael.

Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagón agus a rachaidh mé cosnochta lom agus a mbéicfidh mé ar nós na seacál agus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí.

“Éirígí! Amach libh! [a deir sibh leo]. Ní ionad sosa daoibhse é seo!” Agus éilíonn sibh bannaí míchuíosacha orthu ar rudaí suaracha.

Nach ndéanfaidh na daoine seo go léir aoir mar gheall air? Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach: Is é a déarfaidh siad: “Is mairg don fhear a charnann nithe nach leis féin iad - cá fhad eile? - agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.”

“Táim ar tí léirscrios a dhéanamh ar gach ní atá ar dhromchla an domhain, a deir an Tiarna.

Ansin reac Balám a laoi agus dúirt: “Éirigh, a Bhálác, agus éist! Tabhair cluas dom, a mhic Zipeor.

Ansin reac sé a laoi agus dúirt: “Thug Bálác leis mé ó Arám, rí Mhóáb ó shléibhte an oirthir. ‘Tar agus cuir mallacht ar Iacób dom, agus déan aoir ar Iosrael.’

Ansin chan sé a laoi, agus dúirt: “Céalmhaine Bhalám mac Bheór, céalmhaine an té ar gruama é a radharc,

agus chan sé a laoi, agus dúirt: “Céalmhaine Bhalám mac Bheór, céalmhaine an té ar gruama é a radharc,

Agus ba fhonn leo é a ghabháil, ach bhí eagla orthu roimh an slua. Bhí fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal. Agus d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad leo.

agus beidh tú ag únfairt um mheán lae mar a bhíonn an dall ag únfairt sa dorchadas agus ní bheidh an t‑ádh i do bhóthar; ní bheidh ach leatrom agus slad á dhéanamh ort gan stad, gan lámh chúnta a fháil ó aon duine.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí