ansin déanfaidh mé Iosrael a dhíbirt ón tír a thug mé dóibh agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m'ainm, agus beidh Iosrael ina sheanfhocal agus ina nath i measc na gciníocha go léir.
I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.
Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.
ansin déanfaidh mé [Iosrael] a stoitheadh as an talamh a thug mé dóibh, agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m'ainm, agus déanfaidh mé seanfhocal agus nath de i measc na gciníocha go léir.
Óir is mar seo a deir an Tiarna: “Teilgfidh mé amach anois muintir na tíre, an uair seo, agus cuirfidh mé i sáinn iad, féachaint an bhfaighidh siad ansin mé!”
Tóg do shúile chuig na harda loma agus féach! An bhfuil áit ar bith nár luíodh leat? Shuigh tú sna bealaí rompu ar nós Arabaigh san fhásach. Tá an talamh truaillithe ag do striapachas agus do chionta.
Sea, tá an caoineadh le clos as Síón, ‘Cé mar atáimid sladta! Cé mar atáimid náirithe go deo! Óir tá orainn imeacht as an tír, agus slán a fhágáil ag teach agus treabh!’ ”
“A mhic an duine, nuair a chónaigh muintir Iosrael ina dtír féin thruailligh siad í lena ndrochimeachtaí. Bhí a n‑iompar i mo láthairse neamhghlan mar fhuil mhíosúil mná.
an lá sin glaofaidh mé ar neamh agus ar thalamh le fianaise a thabhairt in bhur n‑aghaidh; rachaidh sibh ar ceal gan mhoill ón tír a bhfuil sibh ag dul thar an Iordáin á shealbhú. Ní fada a mhairfidh sibh ann; rachaidh sibh i ndísc ar fad.