Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Míocá 1:7

An Bíobla Naofa 1981

Brisfear a dealbha uile; dófar a cuid ofrálacha go léir sa tine; déanfaidh mé smidiríní dá híola uile. Óir is le tuarastal striapachais a cruinníodh iad agus déanfar tuarastal striapachais díobh arís.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí sin go léir thart, d'imigh na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair go cathracha Iúdá agus bhris na colúin ina smidiríní, agus ghearr anuas na cuaillí naofa, agus leag siad anuas agus scrios siad na hardionaid agus na haltóirí go léir ar fud Iúdá agus Bhiniáimin, Eafráim agus Mhanaise. Ansin d'fhill na hIosraelaigh go léir go dtí a gcathracha, gach duine chun a ghabháltais féin.

agus caithfear síos na déithe bréige go léir.

Mar sin i gcionn deich mbliana agus trí scór tiocfaidh an Tiarna ar a chuairt chuig an Tuír. Tosóidh sí arís ar chúiteamh a cuid striapachais a fháil. Deanfaidh sí striapach di féin le ríochtaí an domhain uile ar dhroim talún.

Is amhlaidh sin a dhéantar leorghníomh in urchóid Iacóib agus seo é an luach a ghlanfaidh a pheaca: go gcaitheann sé le clocha na n‑altóirí go léir mar a chaithfeadh leis an chloch aoil a mheiltear. Cuaillí beannaithe ná galláin na gréine ní fhágfar ina seasamh

Cibé áit a mbeidh cónaí oraibh bánófar bhur gcathracha agus scriosfar bhur n‑áiteanna arda ionas go mbeidh bhur n‑altóirí bánta [millte], bhur n‑íola briste scriosta, bhur scrínte túise réabtha agus bhur n‑oibreacha curtha ar ceal.

Ansin nochtfaidh mé a náire faoi shúile a leannán, agus ní fhuasclóidh aon duine í ó mo láimh.

Scriosfaidh mé a fíniúna agus a crainn fígí, a ndúirt sí fúthu: “Is iad seo an díolaíocht a thug mo leannán dom.” Déanfaidh mise mothar díobh, agus ní bheidh iontu ach bia beithíoch.

nó mura ndéanfaidh, bainfidh mé a cuid éadaigh go léir di agus fágfaidh mé í mar a bhí sí an lá a rugadh í, agus déanfaidh mé fásach di, agus beidh sí ina talamh tirim, agus maróidh mé í le tart.

Diúltaím don lao sin leat, a Shamáir! Tá mo chuid feirge ar dearglasadh ina gcoinne - Cá fhad eile a bheidh an neamhchiontacht thar a n‑acmhainn?

Cad is ceart d'Iosrael a dhéanamh leis? Saor a rinne é; ní dia é. Go deimhin, imeoidh lao na Samáire in aon bhladhm amháin lasrach.

Taispeánfaidh mé iontais sa spéir agus ar an talamh, fuil agus tine agus colúin deataigh.

Scriosfaidh mé bhur n‑áiteanna arda agus smiotfaidh mé bhur n‑altóirí túise. Déanfaidh mé carnáil bhur marbh a chaitheamh ar charnáil bhur n‑íol marbh; beidh an ghráin ag m'anam oraibh.

Ná tabhair tuarastal striapaí ná pá madra go teach an Tiarna do Dhia mar fhuascailt ar aon sórt móide; is fuath leis an Tiarna do Dhia iad araon.

Ansin thóg mé an saothar peaca, an lao a bhí déanta agaibh, agus rinne mé é a loscadh agus a bhriseadh ina smidiríní, agus a mheilt ina luaithreach mín, agus a luaithreach a chaitheamh sa sruthán a shníonn ón sliabh anuas.

óir d'ól na ciníocha go léir fíon corraitheach a striapachais. Rinne ríthe an domhain striapachas léi Agus d'éirigh ceannaitheoirí an domhain saibhir le teann a teaspaigh.”

Agus ríthe an domhain, an dream a rinne striapachas léi agus teaspach, déanfaidh siad caoineadh agus lógóireacht fúithi nuair a fheicfidh siad deatach a tóiteáin;

Ach nuair a d'éiríodar go moch lá arna mhárach, ba shiúd é Dágón béal faoi arís ar an urlár os comhair áirc an Tiarna, agus ceann Dhágón agus a dhá láimh briste de agus caite ar an tairseach; ní raibh fágtha de ach cabhail Dhágón.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí