Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Míocá 1:6

An Bíobla Naofa 1981

Fothrach i lár páirce is ea a dhéanfaidh mé den tSamáir, áit a chuirfear faoi fhíniúna. Caithfidh mé clocha a foirgneamh síos sa ghleann nó go nochtfar an bhunsraith.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Má theitheann sé isteach i gcathair, tabharfaidh Iosrael go léir téada chun na cathrach sin agus déanfaimid í a tharraingt isteach sa ghleann go dtí nach mbeidh oiread agus púróg di le fáil.”

Ghabh sé í tar éis trí bliana. Gabhadh an tSamáir sa séú bliain de réimeas Hiziciá, an naoú bliain de réimeas Hóiséa rí Iosrael.

Sa cheathrú bliain de réimeas Hiziciá - ba í sin an seachtú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael - tháinig Sealmaineisir rí na hAsaíre suas in aghaidh na Samáire agus chuir léigear uirthi.

Ar chuala tú? Fadó a chinn mé air agus bheartaigh mé ó na cianta a bhfuil á chur i gcrích anois agam. Ba é do ghnó na cathracha daingne a leagan ar lár ina bhfothracha.

Fáistine i gcoinne na Damaisce. Tá an Damaisc chun scor mar chathair, ní bheidh ann ach carnán fothrach.

Do bhábhúin arda uaibhreacha scriosann sé iad, leagann sé iad, caitheann sé síos iad sa láib.

Óir d'fhág tú cathracha ina gcarnáin chloch agus bailte poirt ina gconamar. Ní baile é feasta dúnfort na ndíomasach, ní dhéanfar a atógáil arís go deo.

Plandóidh tú fós fíonghoirt ar shléibhte na Samáire (tá an phlandáil déanta ag lucht plandála; cnuasfaidh siad na torthaí).

Is leatsa a dhéanaim achrann, a shliabh mhilltigh, - an Tiarna a labhraíonn - a mhilleann an talamh uile! Sínfidh mé amach mo lámh i d'aghaidh, agus tiomáinfidh mé anuas as na creaga thú agus déanfaidh mé sliabh loiscthe díot.

Beidh an Bhablóin ina carnán cloch, ina háit chónaithe ag seacáil ina huafás agus ina scige, gan duine ná deoraí inti.

Déanfaidh mé Iarúsailéim ina carnán cloch, ina huaimh seacál, déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.”

Ochón! Nach murtallach a d'éirigh an t‑ór! Cad é mar a d'athraigh an mínór agus mar atá clocha an tsanctóra scaipthe ag cúinne gach sráide!

Scriosfaidh mé an balla a dhathaigh sibh le haol agus teilgfidh mé go talamh é, ionas go bhfágfar a bunsraith nocht. Titfidh sé agus caillfear sibhse ina lár; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.

Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon.

Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a cheann féin, - is é an Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn - Is fuath liom díomas Iacóib, is beag orm a pháláis; tréigfidh mé an chathair agus a bhfuil inti.

Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíón agus fothrach de Iarúsailéim agus ardán crannach de Shliabh an Teampaill mar gheall oraibhse.

Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil, chun d'ungthach féin a shlánú. Tá barr theach an drochdhuine briste agat agus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah

Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: “An bhfeiceann sibh iad sin uile? Deirim libh go fírinneach, ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche anseo nach leagfar ar lár.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí