An Tiarna Dia na Slua, baineann sé leis an domhan agus leánn é, agus caoineann cách dá gcónaíonn ann; éiríonn borradh sa domhan go léir mar a tharlaíonn sa Níl agus síothlaíonn arís mar Abhainn na hÉigipte.
Nuair a fheiceann na sléibhte thú, creathnaíonn siad. Scuabann na tuilte tréana ar aghaidh. Ligeann an duibheagán búir; ardaíonn sé a lámha chun neimhe.
Nuair a sheasann sé critheann an talamh. Le leagan a shúl croitear na náisiúin. Bogtar na sléibhte síoraí óna n‑áit; cromann na beanna bithbhuana síos, a sheanbhealaí riamh anall.
Ar an lá sin, beidh a chosa ina seasamh go daingean ar Chnoc na nOlóg, áit atá os comhair Iarúsailéim ar an taobh thoir di. Scoiltfear Cnoc na nOlóg anoir siar ag gleann ábhalmhor, agus bogfaidh leath amháin den chnoc ó thuaidh, agus an leath eile ó dheas.
Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.
A Thiarna, nuair a chuir tú chun bóthair ó Shaeír, Nuair a ghabh tú trí chríocha Eadóm, Tháinig crith ar thalamh agus suaitheadh ar neamh, Agus d'imigh scamaill ina mbáisteach.