Míocá 1:2An Bíobla Naofa 1981Éistigí, a phobala uile; cloisigí, a dhomhain agus a bhfuil ann. Tá an Tiarna Dia le fianaise a thabhairt in bhur n‑aghaidh nuair a bhuailfidh sé amach óna phálás naofa. Féach an chaibidil |
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.