Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Míocá 1:12

An Bíobla Naofa 1981

Conas is féidir le háitritheoirí Mhárót bheith ag súil lena slánú; mar tá an mí-ádh tar éis teacht anuas ón Tiarna fad le geataí Iarúsailéim féin.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Bhí mé ag súil leis an maith, ach sé an t‑olc a tháinig. Bhí mé ag súil leis an solas, ach sé an dorchadas a thit.

cumaim an solas agus cruthaím an dorchadas. Tugaim an sonas ann agus spreagaim an donas, is mise an Tiarna a dhéanann é ar fad.

Ar thréig tú Iúdá amach agus amach? An fuath le d'anam Síón? Cad chuige ar bhuail tú síos sinn agus gan súil le leigheas againn? Bhí súil againn le síocháin - ach níl maith ar bith ansin! Le ham tarrthála - ach féach scanradh!

Bhí súil againn le síocháin - ach níor tháinig maith ar bith, le haimsir shlánaithe, ach féach an scéin!

An séideann trumpa sa chathair gan eagla a theacht ar an bpobal? An mbuaileann tubaiste an chathair nach é an Tiarna is cúis leis?

Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna], óir d'aimsigh sé Iúdá agus bhain sé amach geata mo phobail agus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.

Dúirt sí leo: “Ná bígí ag tabhairt Náoimí (.i. Suairc) orm, ach Márá (Searbh), óir is an-searbh a roinn an tUilechumhachtach liom.

Nuair a tháinig sé, bhí Éilí ina shuí ina chathaoir láimh leis an ngeata ag faire an bhóthair mar bhí sé ar ballchrith le himní faoi áirc Dé. Nuair a tháinig an fear seo chun na cathrach leis an scéala, tógadh liú ar fud na cathrach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí