Beidh fuílleach Iacóib i measc a lán náisiún (i measc a lán pobal), mar leon i measc ainmhithe na foraoise nó mar liopard i measc tréada caorach. Nuair a théann sé thart gabhann sé de chosa ina chreach agus stróiceann sé as a chéile í agus ní sciobfar uaidh í go deo.
Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann’? Seo mise á rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair.
Lá dá raibh siad ag seirbhís don Tiarna agus ag déanamh troscadh, labhair an Spiorad Naomh: “Cuirigí ar leith dom,” ar seisean, “Barnabas agus Sól chun dul i mbun na hoibre a bhfuil siad glaoite agam ina comhair.”
San eaglais tá daoine áirithe ceaptha ag Dia ina n‑aspail sa chéad áit; sa dara háit tá na fáithe; sa tríú háit tá na múinteoirí; ansin tá lucht míorúiltí agus ina ndiaidh sin tá lucht leighis, lucht freastail, lucht stiúrtha, agus lucht teangacha éagsúla.
Agus is eisean a thug do dhaoine áirithe bheith ina n‑aspail, do dhaoine eile bheith ina bhfáithe, do dhaoine eile bheith ina soiscéalaithe, agus do dhaoine eile fós bheith ina n‑aoirí agus ina múinteoirí,
Mar fhocal scoir, a bhráithre, bígí ag guí orainne, le súil go leathfadh scéala an Tiarna go luath agus go mbeadh meas air faoi mar tharla agaibh féin.