Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 9:31

An Bíobla Naofa 1981

Ach ní túisce amuigh iad ná leath siad a cháil ar fud na tíre sin go léir.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

San am sin, chuala Héaród, an rí cúige, iomrá faoi Íosa,

Ghlac siad an t‑airgead agus rinne de réir mar a dúradh leo, agus bíonn an scéal á reic i measc na nGiúdach go dtí an lá inniu.

Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.

Agus chuaigh cáil an scéil ar fud na tíre sin go léir.

Agus níorbh fhada gur leath a chlú go fada gearr ar fud cheantar uile na Gailíle.

Agus d'ordaigh sé dóibh gan a insint do dhuine ar bith, ach dá ghéire a d'ordaigh sé dóibh is ea ba mhó a bhí siad á fhógairt,

Agus d'fhill Íosa le neart an Spioraid ar an nGailíl, agus leath a cháil ar fud na tíre go léir.

Agus leath a chlú i ngach áit ar fud na tíre.

Ba mhóide i gcónaí a bhí an tuairisc air ag leathnú, agus tháinig na daoine ina sluaite móra ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a n‑éagruais.

Agus leath an tuairisc sin air ar fud Iúdáia go léir agus na tíre go léir timpeall.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí