Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 9:30

An Bíobla Naofa 1981

Agus osclaíodh a súile. Agus labhair Íosa go corraiceach leo: “Aire daoibh! ná bíodh a fhios sin ag duine ar bith.”

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Osclaíonn sé súile na ndall. 8b Tógann sé suas an dream atá crom. 8c Tugann an Tiarna grá don fhíréan;

Déanfar a súile do na daill an uair sin agus réiteofar cluasa na mbodhar;

chun súile na ndall a oscailt, chun na cimí a scaoileadh as an gcarcair agus as an bpríosún an dream atá ina suí sa dorchadas.

Is amhlaidh a bheidh rath ar mo Ghiolla, gheobhaidh sé gradam agus céimíocht agus oirearcas thar cuimse.

ach thug ordú láidir dóibh gan é chur in iúl;

Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”

Dúirt Íosa leis ansin: “Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”

Labhair Íosa go corraiceach leis agus chuir chun siúil é gan mhoill

Ach d'ordaigh sé go dian dóibh gan é chur in iúl.

Ach chuir sé mar acht orthu go crua gan a fhios seo a bheith ag aon duine, agus dúirt rud le hithe a thabhairt di.

Agus thug sé ordú dó gan a insint d'aon duine: “Ach imigh, taispeáin thú féin don sagart, agus déan an ofráil de chionn do ghlanta de réir mar a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”

Agus tháinig alltacht ar a tuismitheoirí; ach thug sé ordú dóibh gan a insint d'aon duine cad a tharla.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí