Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 9:29

An Bíobla Naofa 1981

Ansin, leag sé a lámh ar a súile agus dúirt: “Bíodh agaibh de réir bhur gcreidimh.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Íosa léi á freagairt: “Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat.” Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin.

Ghlac Íosa trua dóibh, leag a lámh ar a súile, tháinig a radharc dóibh láithreach agus lean siad é.

Dúirt sé leis an taoiseach céad ansin: “Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.” Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla.

Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach.

Agus tháinig na daill chuige nuair a chuaigh sé isteach sa teach. Dúirt sé leo: “An gcreideann sibh gur féidir dom é seo a dhéanamh?” Dúirt siad: “Creidimid, a Thiarna.”

Dúirt Íosa leis: “Imigh leat! Shlánaigh do chreideamh thú.” Tháinig a radharc dó láithreach agus lean sé é sa tslí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí