Tiomáineadh an slua amach agus ansin, tar éis dó dul isteach, rug sé ar láimh ar an gcailín, agus d'éirigh sí aniar.
Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. D'fhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu.
Agus rug sé greim láimhe uirthi agus dúirt léi: “Talitá cúm” - focal a chiallaíonn: “A chailín bhig, deirim leat, éirigh!”
Rug sé ar láimh ar an dall agus sheol as an mbaile é, chaith sé seile ar a shúile agus ar leagan a lámh air d'fhiafraigh de: “An bhfeiceann tú aon ní?”
Ach rug Íosa ar láimh air agus thóg sé suas é, agus d'éirigh sé ina sheasamh.
Ach rug sé ar láimh uirthi agus ghlaoigh amach: “A chailín, éirigh!”