Tháinig Mac an Duine agus bíonn sé ag ithe agus ag ól, agus deir siad: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ Agus fuair an eagna a ceart as a hoibreacha féin.”
Nuair a chonaic scríobhaithe na bhFairisíneach go raibh sé ag ithe leis na peacaigh agus na poibleacánaigh, dúirt siad lena dheisceabail: “Cén fáth a mbíonn sé ag ithe agus ag ól le poibleacánaigh agus le peacaigh?”
Agus bhí na Fairisínigh agus a gcuid scríobhaithe ag monabhar, á rá lena dheisceabail: “Cad chuige a bhfuil sibh ag ithe agus ag ól leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?”