Dúirt Íosa leis ansin: “Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”
agus má thaibhsíonn glaise nó deirge san éadach seo, san ábhar, sa bhrat, sa tseithe, nó sa déantús leathair, is cás lobhra é agus taispeántar don sagart é.
Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”
Aire daoibh gan bheith ag déanamh taibhsimh as bhur ndea-oibreacha os comhair daoine chun go dtabharfaidís faoi deara iad, óir má bhíonn sibh, beidh sibh gan tuarastal i láthair bhur nAthar atá ar neamh.
“Féachaigí chugaibh féin. Tabharfaidh siad ar láimh sibh do na sainidríní agus buailfidh siad sibh sna sionagóga; seasfaidh sibh i láthair gobharnóirí agus ríthe mar gheall ormsa, chun fianaise a thabhairt os a gcomhair.
Agus áit ar bith nach nglacfaidh libh agus nach áil leo éisteacht libh, gabhaigí amach as sin agus croithigí an deannach atá faoi bhur gcosa mar fhianaise ina n‑aghaidh.”
Ar a slí anuas dóibh ón sliabh, chuir sé mar acht orthu gan a raibh feicthe acu a insint do dhuine ar bith nó go mbeadh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.
Agus bhí mórán freisin, a n‑imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: “Is tú Mac Dé.” Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é.
Agus thug sé ordú dó gan a insint d'aon duine: “Ach imigh, taispeáin thú féin don sagart, agus déan an ofráil de chionn do ghlanta de réir mar a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”