Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 8:32

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé leo: “Amach libh.” Tháinig siad amach agus isteach leo sna muca, agus seo an tréad ar fad ina ruathar le fána isteach san fharraige gur cailleadh san uisce iad.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

‘Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.’ ‘Meallfaidh tú é,’ arsa an Tiarna, ‘rithfidh leat. Téigh agus déan é.’

agus rinne na deamhain achainí air: “Má thiomáineann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn.”

Theith na mucaithe, chuaigh siad isteach sa chathair agus d'inis siad an scéal ar fad agus mar gheall ar na deamhnaígh.

Thug sé an cead dóibh. Tháinig na spioraid mhíghlana amach agus chuaigh siad isteach sna muca; agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána, timpeall dhá mhíle díobh, isteach san fharraige agus bádh san fharraige iad.

Tháinig na deamhain amach as an duine agus chuaigh isteach sna muca. Agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána isteach sa loch agus bádh iad.

Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí.

agus rinne siad an ní a bhí ceaptha agatsa a thitim amach le do chumhacht agus le do chomhairle féin.

Ar chomhlíonadh an mhíle bliain, scaoilfear Sátan as a ghéibheann,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí