Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 8:30

An Bíobla Naofa 1981

Bhí, achar éigin uathu, tréad mór muc ar féarach,

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.

agus an mhuc, fág go bhfuil crúb scoilte roinnte ina dhá leath aici, bíodh sí neamhghlan agaibh mar nach gcognaíonn sí an chíor.

“Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh.

Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?”

agus rinne na deamhain achainí air: “Má thiomáineann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn.”

Bhí, ansiúd ar an sliabh, tréad mór muc ar féarach,

Bhí, ansiúd, tréad mór muc ar féarach ar an sliabh, agus rinne na deamhain achainí air cead a thabhairt dóibh dul isteach iontu, agus thug.

Mar an gcéanna leis an muc - fág go scoilteann sí an chrúb, ní chognaíonn sí an chíor; bíodh sí neamhghlan agaibh. Ná hithigí feoil a leithéidí sin agus ná bainigí lena gconablach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí