Ansin chuaigh Íosa ar bord an bháid agus lean a dheisceabail é.
Agus tháinig, go tobann, suaitheadh chomh mór sin san uisce go raibh an bád á mhúchadh ag na farraigí. Ach bhí sé féin ina chodladh.
Ar dhul ar bord dó, chuaigh sé trasna agus tháinig isteach ina chathair féin.
Nuair a bhí an tráthnóna ann an lá sin, dúirt sé leo: “Téimis trasna anonn.”
Agus dúirt sé leo á bhfreagairt: “Imígí agus insígí d'Eoin a bhfuil feicthe agus cloiste agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.