Agus duine ar bith a labhróidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é. Ach duine ar bith a labhróidh in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann sa saol seo ná sa saol atá le teacht.
Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”
Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i ríchathaoir a ghlóire, beidh sibhse a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin i dhá ríchathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.
Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra sa ghlúin adhaltrach pheacúil seo, is nár le Mac an Duine eisean mar an gcéanna nuair a thiocfaidh sé i nglóir a Athar in éineacht leis na haingil naofa.”
Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”
Go deimhin féin, a deirim libh,” ar sé leis, “go bhfeicfidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.”
D'fhreagair an slua é ansin: “Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé an Mac seo an Duine?”
Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”
Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.