Tháinig scríobhaí chuige agus dúirt: “A Mháistir, leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.”
ghabh an fear seo Eazrá suas ón mBablóin. Ba scríobhaí é a bhí oilte ar dhlí Mhaois, an dlí a thug an Tiarna, Dia Iosrael. Thug an rí dó gach ar iarr sé mar bhí gnaoi a Dhé, an Tiarna, air go tréan.
A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
Cá bhfuil an t‑eagnaí? Cá bhfuil an fear léinn? Cá bhfuil aighneasóir na haoise seo? Nach bhfuil Dia tar éis díth céille a dhéanamh d'eagna an tsaoil?
agus caithfidh mé tamall libh, nó an geimhreadh ar fad b'fhéidir, agus ansin féadfaidh sibhse mé a thionlacan cibé bealach a ghabhfaidh mé.