Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 8:10

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint: “Deirim libh go fírinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Cuireadh chun boird iad os a chomhair, an sinsear de réir a shinsearachta agus an sóisear de réir a shóisearachta; d'fhéach na fir ar a chéile le hionadh agus le alltacht.

Ansin dúirt Íosa léi á freagairt: “Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat.” Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin.

Deirim libh, tiocfaidh mórán anoir agus aniar agus beidh siad ina súí chun boird le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i ríocht na bhflaitheas;

Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.”

agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh. Agus ghabh Íosa timpeall ar fud na mbailte ag teagasc.

Nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dúirt: “A dhuine, tá do pheacaí maite duit.”

Ach dúirt sé leis an mbean: “Shlánaigh do chreideamh tú. Imigh faoi shíocháin.”

Nuair a chuala Íosa an méid sin, rinne sé ionadh den duine, agus, ag iompú chun an tslua a bhí á leanuint, dúirt: “Deirim libh, ní bhfuair mé in Iosrael féin creideamh chomh láidir leis seo.”

Bhí ionadh agus alltacht orthu: “Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí