Tháinig sé anuas ón sliabh agus lean sluaite móra é.
Bhí a fhios ag Íosa, áfach, agus chuaigh sé i leataobh as sin. Lean sluaite móra é, agus leigheas sé iad uile,
Agus tháinig na daoine chuige ina sluaite móra, agus bhí acu leo bacaigh agus mairtínigh agus daill agus balbháin agus mórán eile, agus shín siad ag a chosa iad agus leigheas sé iad.
Agus lean sluaite móra é agus leigheas sé iad ann.
Ag dul amach as Ireachó dóibh, lean slua mór é,
Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus ó thar an Iordáin.
á dteagasc a bhí sé mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus a scríobhaithe féin.
Nuair a chonaic sé slua ina thimpeall, d'ordaigh Íosa dul go dtí an taobh thall.
Agus tháinig lobhar chuige ag umhlú síos ina láthair agus dúirt: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”
Chuaigh Íosa i leataobh i dtreo na farraige, é féin agus a dheisceabail, agus lean slua mór ón nGailíl é - ó Iúdáia fós,
Ba mhóide i gcónaí a bhí an tuairisc air ag leathnú, agus tháinig na daoine ina sluaite móra ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a n‑éagruais.