Sea, a phobal Shíón, a bhfuil cónaí ort in Iarúsailéim, ní bheidh tú ag gol níos mó. Maithfidh sé duit ar chloisteáil do chaoineadh dó, agus tabharfaidh sé toradh air ar an toirt.
“Agus deirim go fírinneach rud eile libh má bhíonn beirt agaibh ar talamh ar aon aigne faoi rud ar bith a bhíonn le hiarraidh acu, beidh sé le fáil acu ó m'Athair atá ar neamh.
Dá bhrí sin, más eol daoibhse, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad?
Tar éis d'fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’
Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh, agus a cheapadh chun go n‑imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a d'iarrfadh sibh ar an Athair i m'ainm, go dtabharfadh sé daoibh é.
D'fhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi, “agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.”
Gan chreideamh ní féidir le duine a bheith taitneamhach leis mar an té atá ag teacht chun Dé ní mór dó a chreidiúint go bhfuil Dia ann agus go dtugann sé luach saothair dá mbíonn á lorg.