“Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh.
Ba mhinic i mo shiúlta mé agus gur bhaol dom aibhneacha agus gur bhaol dom robálaithe; ba bhaol dom mo chine féin agus ba bhaol dom na gintlithe. Ba bhaol dom sa chathair agus ba bhaol dom faoin bhfásach; ba bhaol dom ar muir agus ba bhaol dom na bráithre bréige.
Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith drochmheas ar fhuil an conartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta?
a thit ar lár d'ainneoin sin uile, ní féidir a leithéidí siúd a thabhairt chun aithrí arís de bhrí go bhfuil siad ag céasadh Mac Dé dá ndeoin féin uair amháin eile agus ag déanamh ceap magaidh de.
Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.