Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 7:20

An Bíobla Naofa 1981

Agus dá réir sin, is ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Déanaigí maith an crann agus maith a thoradh, nó déanaigí olc an crann agus olc a thoradh; óir is ar a thoradh a aithnítear an crann.

Ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad. An mbaintear fíonchaora de dheilgneach, nó fígí d'fheochadáin?

Óir is ar a thoradh féin a aithnítear gach crann. Óir ní bhaintear fígí de dheilgneach, ná ní phioctar fíonchaor de dhriseog.

Agus is é a mholaim daoibhse anois, fanacht amach ó na daoine seo agus ligean dóibh. Más ó dhaoine an beart nó an obair seo, rachaidh sé ar neamhní;

An féidir, a bhráithre liom, don chrann fígí ológa a iompar nó don fhíniúin fígí a iompar? Ní mó ná sin is féidir don sáile fíoruisce a iompar.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí