Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 6:34

An Bíobla Naofa 1981

Mar sin, ná bígí imníoch faoin lá amárach; beidh an lá amarach imníoch faoi féin. Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Athnuaitear iad gach maidin; óir is daingean í a dhílseacht.

Ár n‑arán laethúil tabhair dúinn inniu;

“Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, na faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach?

Cé agaibh a d'fhéadfadh, le bheith ag déanamh imní, aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil?

Dúirt an Tiarna léi á freagairt: “A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe.

ár n‑arán laethúil tabhair dúinn gach lá;

Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh;

Dúirt sé lena dheisceabail: “Sin é an fáth a n‑abraim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh.

Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í. Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air.

Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.”

ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.”

Bíodh do bholtaí d'iarann agus de phrás agus do neart comhfhad le do ré.

Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan.

Caithigí bhur gcúram go léir suas air, óir tugann sé aire daoibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí