Matha 6:2An Bíobla Naofa 1981“Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa á shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréagchráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách á moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu. Féach an chaibidil |
Conas is féidir duit a rá le do bhráthair: ‘A bhráthair, fan go mbaine mé as do shúil an cáithnín atá inti,’ agus nach bhfeiceann tú an tsail atá i do shúil féin? A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín atá i súil do bhráthar a bhaint aisti.