Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 5:8

An Bíobla Naofa 1981

“Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Thug Iacób dá bhrí sin Panúéil ar an áit, “mar,” ar sé, “chonaic mé Dia gnúis le gnúis agus mairim beo.”

Is glan tú le lucht na glaine croí, ach cuireann tú cor in aghaidh an chaim.

An té a shiúlann gan cháim; an té a dhéanann fíréantacht agus a labhraíonn go díreach óna chroí;

Is dílis tú don duine dílis, is ionraic tú leis an duine ionraic.

An té a bhfuil lámh gan smál agus croí glan aige: an té ar beag air nithe gan tairbhe agus nach dtugann mionn éithigh dá chomharsa.

Lig dom an gairdeas agus an t‑áthas a chloisteáil, agus beidh lúcháir ar na cnámha a bhrúigh tú.

Is ortsa amháin a pheacaigh mé; an ní is olc i do láthair a rinne mé. Ionas go mba léir gur ceart é do bhreith agus go dtugann tú breithiúnas gan locht.

Salm Ásáf. 1 Nach maith atá Dia don dream díreach; an Tiarna dá bhfuil glan ó chroí.

Tá cion ag [an Tiarna] ar an gcroí glan, agus is cara don rí fear na cainte caoine.

Ní dhearna sé dealú ar bith idir sinne agus iad ach a gcroí a ghlanadh de bharr a gcreidimh.

Faoi láthair ní fheicimid ach mar a bheadh scáil go doiléir i scáthán ach ar ball gheobhaimid radharc aghaidh ar aghaidh air. Níl ach breaceolas agam faoi láthair ach beidh eolas iomlán agam ar ball, chomh hiomlán leis an eolas atá orm.

Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.

Iad sin atá glan iad féin, is glan leo gach aon ní; ach iad siúd atá salaithe agus neamhchreidmheach, ní glan leo rud ar bith mar go bhfuil an aigne agus an coinsias truaillithe iontu.

Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíoruisce.

Déanaigí iarracht ar an tsíocháin a bhuanú eadraibh féin agus gach uile dhuine; lorgaigí an naofacht sin nach bhfeicfidh aon duine an Tiarna gan í;

Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.

Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.

Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibhse atá ag cogadh le bhur n‑aigne.

Rinne sibh bhur n‑anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.

agus beidh a ghnúis le feiceáil acu, agus beidh a ainm ar chlár a n‑éadain.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí