Seo isteach i mo ghort mé, a shiúr liom, a bhrídeach, ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim, ag ithe mo mheala agus mo chriathair, ag ól m'fhíona agus mo bhainne; ithigí, a chairde, ólaigí, déanaigí meidhir, a chairde cumainn.
Ullmhóidh Tiarna na Slua ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta, de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;
Tá na dearóile agus na bochtáin ag lorg uisce, agus níl sé ann. Tá an teanga spallta iontu le tart. Ach mise, an Tiarna, tabharfaidh mé éisteacht dóibh, mise, Dia Iosrael, ní thréigfidh mé iad.
Óir doirtfidh mé uisce anuas ar an triomlach, uisce ina thuilte ar an talamh spalptha. Doirtfidh mé mo spiorad ar do phór, mo bheannacht ar shliocht do shleachta.
Dá bharr sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Beidh mo sheirbhísigh ag ithe, ach beidh ocras oraibhse; beidh mo sheirbhísigh ag ól, agus beidh tart oraibhse; beidh lúcháir ar mo sheirbhísigh, ach náire a bheidh oraibhse.
Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”
Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”