Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.
Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.
Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh;
Lorgaigí an Tiarna, sibhse uile, a dhaoine uirísle na tíre, a chomhlíonann a reacht. Lorgaigí an fhíréantacht, lorgaigí an uirísle; b'fhéidir go bhfaigheadh sibh dídean ar lá dhíbheirg an Tiarna.
Ach ós óglach Dé tusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas.
Díbrígí uaibh dá bhrí sin gach uile chineál salachair agus borradh na drochbheartaíochta agus glacaigí go ceansa le briathar Dé a síoladh ionaibh, an briathar atá in ann bhur n‑anam a shlánú.
Bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim,