Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 5:43

An Bíobla Naofa 1981

“Chuala sibh go ndúradh: ‘Bíodh grá agat do do chomharsa agus fuath agat do do namhaid.’

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Fiú amháin mo chara cléibh as a mbíodh mo mhuinín agus a d'itheadh mo chuid aráin, nár iompaigh sé i m'éadan!

Ná bain díoltas amach; ná bíodh faltanas agat le clann do dhaoine muinteartha. Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin. Mise an Tiarna.

Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair, agus bíodh grá agat do do chomharsa mar atá agat duit féin.”

“Chuala sibh go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná déan marú; agus má dhéanann duine marú beidh air freagairt ann don bhreithiúnas.’

“Chuala sibh go ndúradh: ‘Ná déan adhaltranas.’

Ná bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag Amónach ná ag Móábach; fiú go dtí an deichiú glúin ná bíodh cead isteach go Tionól an Tiarna ag a sliocht go brách.

Go brách fad a mhairfidh tú ná bí sa tóir ar a síocháin ná ar a gconách.

Cuimhnigh céard a rinne Amáiléic leat agus tú ar an mbealach amach as an Éigipt.

Má chomhlíonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: “Gráigh do chomharsa mar thú féin,” ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith.

Agus tá an aithne seo againn uaidh: an té a thugann grá do Dhia tugadh sé grá dá bhráthair chomh maith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí