Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 5:37

An Bíobla Naofa 1981

Is é amháin is ráite daoibh: ‘Is ea, is ea.’ ‘Ní hea, ní hea.’ Focal thar an méid sin, is ón Olc é!

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair.

Is é an domhan an gort. An síol maith muintir na ríochta. Dream an oilc an cogal,

Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí.

ná mionnaigh dar do cheann ach chomh beag, mar ní féidir duit aon ribe amháin de a dhéanamh geal ná dubh.

agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.

Nílim á ghuí go dtógfá as an saol iad, ach go gcoinneofá ón Olc iad.

Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.

Cuirigí uaibh an t‑éitheach, dá bhrí sin, agus labhraígí an fhírinne lena chéile, gach duine agaibh, mar is baill dá chéile sinn.

Gabhaigí chugaibh i gcónaí an creideamh mar sciath lena bhféadfaidh sibh gach diúracán dearg de chuid an namhad mhallaithe a mhúchadh.

Agus ná hinsígí bréaga dá chéile mar go bhfuil bhur sean-nádúr bainte díbh agaibh mar aon lena chuid gníomhartha

Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach i gcónaí ionas go bhféadfadh sibh an freagra pras a thabhairt do chách.

Ach tá an Tiarna dílis agus treiseoidh sé libh agus cosnóidh sé ar an olc sibh.

Ach thar aon ní eile, a bhráithre liom, ná tugaigí mionn, dar neamh ná dar talamh, ná dar aon mhionn eile. Nuair a bhíonn “sea” le rá agaibh, abraigí “sea,” agus “ní hea” nuair is “ní hea,” ionas nach dtiocfadh an daorbhreith oraibh.

Scríobhaim chugaibhse, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té a bhí ó thús. Scríobhaim chugaibhse, a ógánacha, mar gur threascair sibh an mac mallachta.

Ná bígí fearacht Cháin, ar den mhac mallachta é, agus a mharaigh a dheartháir féin. Agus cad chuige ar mharaigh sé é? Mar gurb éagórach a shaothar féin; ba shaothar cóir áfach saothar a dhearthár.

Tá fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia aon pheaca mar go gcumhdaíonn an té a gineadh ó Dhia é agus ní thig leis an mac mallachta baint leis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí