Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in ifreann.
“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.
Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
Ach le heagla go dtabharfaimis scannal do na daoine seo, téigh síos chun na farraige agus caith amach duán, agus an chéad iasc a thiocfaidh aníos tóg é agus nuair a osclóidh tú a bhéal gheobhaidh tú státar ann. Tóg é sin agus íoc leo mo tháillese agus do tháille féin.”
Óir tá coillteáin ann ar mar sin a tháinig siad as broinn a máthar, agus tá coillteáin ann ar ag daoine a coilleadh iad, agus tá coillteáin ann arb iad féin a choill iad féin ar son ríocht na bhflaitheas. Gabhadh chuige an té a fhéadann!”
“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ngabhann sibh thar farraigí agus ar fud tíortha chun aon duine amháin a iompú chugaibh, agus ar iompú dó, go ndéanann sibh mac mallachta de níos measa faoi dhó ná sibh féin.
Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn.
Agus más siocair pheaca duit do lámh dheas, gearr anuas í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná go rachadh do chorp ar fad isteach in ifreann.
Ach taispeánfaidh mé daoibh cé is eagal daoibh; bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil ar a chumas, tar éis an mharaithe, neach a theilgean isteach in ifreann. Sea, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe sin.
Tá a fhios againn é seo, gur comhchéasadh ár seannádúr mar aon leis ar an gcrois d'fhonn ár gcolainn pheacúil a chur ó rath, i dtreo nach mbeimis ag seirbhís don pheaca níos mó.
Más faoi réir na colainne a mhaireann sibh tá an bás i ndán daoibh; ach má bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo.