Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 5:24

An Bíobla Naofa 1981

fág d'ofráil ansiúd os comhair na haltóra, imigh leat ar dtús agus déan síocháin le do bhráthair, agus tar ansin ag déanamh na hofrála.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Faighigí, dá bhrí sin, seacht dtarbh agus seacht reithe agus téigí go dtí mo shearbhónta Iób, agus ofrálaigí íobairt uileloiscthe ar bhur son féin; agus déanfaidh mo shearbhónta Iób guí ar bhur son. Éistfidh mé lena impí gan bhur mbaois a agairt oraibh nár inis sibh an ceart fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.”

Tagair do chúis le do chomharsa, ach ná sceith rún duine eile,

“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n‑íocann sibh deachú ar an miontas agus ar an lus mór agus ar an gcoimín, agus go ndearna sibh faillí sna nithe ar mó a luíonn an dlí orthu, an ceart agus an trócaire agus an dílseacht. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh agus gan iad siúd a ligean i bhfaillí.

Dá réir sin, má bhíonn tú ag tabhairt d'ofrála chun na haltóra agus go gcuimhneoidh tú ansin go bhfuil cúis ghearáin éigin ag do bhráthair ort,

Is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann leamh cad a chuirfidh sibh mar anlann leis? Bíodh salann agaibh ionaibh agus bíodh síocháin eadraibh.”

Déanadh duine é féin a scrúdú mar sin sula gcaitheann sé an t‑arán agus sula n‑ólann sé as an gcupa,

Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go mbeadh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas.

Admhaígí bhur bpeacaí dá chéile agus guígí ar son a chéile ionas go leigheasfar sibh; is mór í éifeacht urnaí dhúthrachtach an duine fhíréanta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí