Matha 5:22An Bíobla Naofa 1981Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn. Féach an chaibidil |
Chuaigh cuid de na fealsaimh Eipiciúracha agus de na fealsaimh Stóchacha ag plé leis chomh maith. Deireadh cuid acu: “Céard atá ar siúl ag an síodrálaí seo?” Agus de chionn é bheith ag fógairt dhea-scéal Íosa agus an aiséirí, ís é a deireadh cuid eile acu: “Déithe éigin iasachta atá sé a fhógairt, is cosúil.”
Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.