Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 5:17

An Bíobla Naofa 1981

“Ná bígí ag ceapadh gur chun an dlí agus na fáithe a chur ar ceal a tháinig mé. Ní á gcur ar ceal a tháinig mé ach á gcur i gcrích.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta, a reacht a mhóradh agus a onórú.

Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.

“Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.

Ach is fusa neamh agus talamh a imeacht ná aon ghiota amháin den dlí a dhul ar lár.

D'ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?”

“Tá an fear seo,” ar siad, “ag áiteamh ar na daoine ómós aindleathach a thabhairt do Dhia.”

ag glao in ard a ngutha: “Cabhair, a fheara Iosrael. Seo é an duine úd a bhíonn gach aon bhall ag teagasc chách in aghaidh ár gcine agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo. Agus ní amháin sin ach rug sé Gréagaigh isteach sa Teampall leis agus sháraigh an áit naofa seo.”

Thug siad finnéithe bréige i láthair á rá: “Ní stadann an duine seo ach ag caint i gcoinne na háite naofa seo agus i gcoinne an dlí.

Mar is é Críost buaic an dlí chun fíréantachta don uile dhuine a chreideann ann.

An bhfuilimid ag cur an dlí ar neamhní leis an gcreideamh mar sin? Nílimid ar chor ar bith. Is ag daingniú an dlí atáimid.

i dtreo go bhféadfaí dualgais an dlí a chomhlíonadh ionainn nuair nach faoi réir na colainne a mhairimid ach faoi réir an Spioraid.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí