“Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Is é rud a fheicim,” arsa mise, “ná crann solais agus é déanta go hiomlán d'ór agus babhla ar a bharr. Tá seacht lampa air agus seacht ngob ar gach ceann díobh.
“Ní lasann aon duine lampa agus é chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an tsoilse.
Má bhíonn do chorp ar fad solasmhar dá bhrí sin, gan aon chuid den dorchadas ann, beidh sé solasmhar ar fad nuair a shoilsíonn an lampa lena ghile thú.”
“Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bhfolach in áras; ná ní faoi leaba a chuirtear é, ach cuirtear ar chrann solais é, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solas.
Is amhlaidh a cuireadh both suas, an chéad chuid den sanctóir. Istigh inti bhí an coinnleoir agus an bord agus builíní na fianaise. Tugtar an Áit Naofa ar an áit sin.
Cuimhnigh, más ea, ar cad as ar thit tú, agus déan aithrí agus déan na hoibreacha a rinne tú ar dtús. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat agus tógfaidh mé do choinnleoir óna ionad, mura ndéana tú aithrí.