Nuair a chonaic clann Iosrael é dúradar lena chéile: “Cad é seo (man hú)?” mar nárbh fhios dóibh cad é. “Sin é,” arsa Maois, “an t‑arán a thug an Tiarna le hithe daoibh.
Bhí an manna á ithe ag clann Iosrael ar feadh daichead bliain nó go dtángadar go críocha ináitribh. Bhíodar ag ithe an mhanna nó go dtángadar go teorainn Chanán.
Dúirt Maois: “Um thrathnóna tabharfaidh an Tiarna feoil daoibh le hithe, agus ar maidin arán go smig; óir chuala an Tiarna na gearáin a rinne sibh ina choinne; ní inar gcoinne-ne bhur ngearain - óir céard é sinne? - ach i gcoinne an Tiarna.”
Ceiliúir féile an tslimaráin; ith arán slim, mar a d'aithin mé duit, ar feadh seacht lá ag an am a ceapadh i mí Áibíb, óir is sa mhí sin a tháinig tú as an Éigipt. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan ní éigin ina láimh.
D'umhlaigh sé thú agus d'fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha, d'fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé.