Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 4:15

An Bíobla Naofa 1981

“Talamh Zabúlun, talamh Naftáilím, bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin, Gailíl na gciníocha,

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

(thug Híorám rí na Tuíre oiread adhmaid chéadair agus chufróige agus óir agus ab áil leis, do Sholamh) thug Solamh fiche cathair i dtír na Gailíle do Híorám.

I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.

An pobal a bhí ag siúl sa dorchadas, chonaic siad solas mór; agus ar mhuintir na tíre gruama tá solas ag lonrú.

D'fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím

chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:

Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus ó thar an Iordáin.

Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin.

Roghnaíodar Ceidis sa Ghailíl in ardáin Naftáilí, agus Seicim in ardáin Eafráim, agus Ciriat Arba (Heabrón is é sin) in ardáin Iúdá.

De threibh Naftáilí, Ceidis, an chathair thearmainn don mharfóir sa Gailíl, lena thalamh féaraigh, Hamat Dór lena thalamh féaraigh, agus Cartán lena thalamh féaraigh - trí cathracha.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí