Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 3:4

An Bíobla Naofa 1981

Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

“Bhí fallaing róin á caitheamh aige, agus crios leathair ar a choim,” ar siad leis. “Ba é sin Éilias an Tisbíoch,” ar sé.

San am sin, bhí an Tiarna tar éis labhairt trí mhinistreacht Íseáia mhic Ámóz. Dúirt sé leis: “Gabh agus scaoil an t‑éadach róin atá thart ar do choim agat agus bain na cuaráin de do chosa.” Rinne sé amhlaidh agus bhí sé ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht.

Díobh seo dá réir sin is féidir daoibh a ithe: gach cineál lócaiste, an lócaiste ceannann de gach cineál, gach cineál criogair, gach cineál dreoilín teaspaigh;

“Ar an lá sin, beidh náire ar gach uile dhuine de na fáithe faoina chuid físeanna nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht; agus ní chaithfidh siad clócaí róin níos mó d'fhonn daoine a mhealladh.

“Mar tháinig Eoin agus ní raibh sé ag ithe ná ag ól, agus deir siad: ‘Tá deamhan ann.’

Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe go mín? Iad seo a mbíonn éadaí míne orthu, is i dtithe na ríthe atá siad.

Bhí rón camaill mar éadach ar Eoin, crios leathair faoina choim aige, lócaistí agus mil fhiáin mar bheatha aige.

Gluaisfidh sé roimhe amach le spiorad agus le cumhacht Éilias, chun croíthe na n‑aithreacha a iompú i leith na clainne, agus lucht na heasumhla chun eagna na bhfíréan, chun pobal a dhiongbhála a ullmhú don Tiarna.”

Tugann sé arda na cruinne dó le marcaíocht tharstu, agus beathaíonn sé é le toradh na sléibhte; tugann sé mil ón gcarraig le deol dó, agus ola ón gcarraig scáil;

Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinné é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí