Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 3:11

An Bíobla Naofa 1981

Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

Truailliú iníon Shíón, nuair a bheidh sí nite ag an Tiarna, agus Iarúsailéim glanta aige den fhuil a doirteadh le siorradh an bhreithiúnais agus siorradh an loiscthe,

Óir doirtfidh mé uisce anuas ar an triomlach, uisce ina thuilte ar an talamh spalptha. Doirtfidh mé mo spiorad ar do phór, mo bheannacht ar shliocht do shleachta.

Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”

agus iad ag fáil bhaiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí.

Tháinig Eoin ag baisteadh san fhásach agus ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh.

Gluaisfidh sé roimhe amach le spiorad agus le cumhacht Éilias, chun croíthe na n‑aithreacha a iompú i leith na clainne, agus lucht na heasumhla chun eagna na bhfíréan, chun pobal a dhiongbhála a ullmhú don Tiarna.”

d'fhreagair Eoin á rá leo uile: “Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na Iordáine ag fógairt bhaiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh,

Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobh agus glaonn in ard a ghutha: “É seo an té a ndúirt mé faoi: ‘An té atá ag teacht í mo dhiaidh, tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.’ ”

Eisean an té a ndúirt mé faoi: ‘Tá duine ag teacht i mo dhiaidh a bhfuil tosach aige orm, mar bhí sé ann romham.’

rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibhse a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.”

Dúirt Pól leo: “Is baisteadh aithrí a dhéanadh Eoin agus deireadh sé leis an bpobal nárbh fholáir dóibh creidiúint sa té a bhí le teacht ina dhiaidh, is é sin in Íosa.”

Bhí siad ag cur an bhóthair díobh nuair a tháinig siad chun lochán uisce. “Féach,” arsa an coillteán, “tá uisce anseo. Cad é an bac atá ormsa mo bhaisteadh?”

D'ordaigh sé an carráiste a stop, chuaigh siad beirt, Pilib agus an coillteán, síos isteach san uisce agus bhaist Pilib é.

mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.

Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is domsa a tugadh an grásta seo: saibhreas dochuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe

Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n‑athnuachan ag an Spiorad Naomh.

Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí