Bhí a ghnúis mar a bheadh splanc agus éadach air a bhí chomh bán le sneachta.
Déanann tú teachtairí de na gaotha, agus timirí den tine lasrach.
Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d'éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas.
Bhí an lucht gardála ar crith le heagla roimhe agus iad mar a bheidís marbh.
Agus nuair a chuaigh siad isteach sa tuama, chonaic siad an fear óg ina shuí ar dheis agus éide gheal air, agus tháinig scéin orthu.
agus d'éirigh a chuid éadaigh dealrach, iad gléigeal thar cuimse, nach bhfuil úcaire ar domhan a dhéanfadh chomh geal iad.
agus chonaic an dá aingeal in éidí geala ina suí mar ar luigh corp Íosa, aingeal acu ag an gceann agus an t‑aingeal eile ag na cosa.
Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n‑aice.
Ansin chonaic mé aingeal tréan eile ag tuirlingt ó na flaithis, agus néal mar éide ina thimpeall, agus an bogha sine ar a cheann. Bhí a cheannaithe mar an ngrian agus a chosa mar cholúin tine,
Ina dhiaidh seo i bhfís chonaic mé aingeal eile ag teacht anuas ó na flaithis, agus údarás mór aige, agus lonraigh an domhan lena ghlóir.