Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 28:17

An Bíobla Naofa 1981

agus ar a fheiceáil dóibh d'umhlaigh siad dó, ach go raibh amhras ar chuid acu.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Claon chugam do chluas, a iníon, agus éist liom; cuir cuimhne do mhuintire féin uait agus teaghlach d'athar.

Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht.”

Agus seo Íosa ag teacht faoina ndéin go ndúirt: “Sé bhur mbeatha!” Dhruid siad ina aice agus rug siad barróg ar a chosa ag umhlú dó.

Ach nuair a chuala siadsan go raibh sé beo, agus go raibh sé feicthe aici, níor chreid siad.

Tháinig siadsan ar ais agus d'inis don chuid eile é, ach ní mó ná sin a chreid siad iadsan.

Níos déanaí, thaispeáin sé é féin don aonar déag agus iad ag bord, agus d'athchas sé leo a ndíchreideamh agus stuacacht a gcroí, mar nár chreid siad an mhuintir a chonaic é aiséirithe.

i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.

I ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé.

gur thaispeáin sé é féin do bhreis agus cúig céad de na bráithre in éineacht a bhfuil a bhformhór ar marthain go fóill cé go bhfuil cuid acu ar shlí na fírinne.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí