Agus imígí libh go tapa á insint dá dheisceabail go bhfuil sé éirithe ó mhairbh, agus tá sé ag dul romhaibh go dtí an Ghailíl: is ansiúd a fheicfidh sibh é. Sin agaibh mo scéal!”
Níos déanaí, thaispeáin sé é féin don aonar déag agus iad ag bord, agus d'athchas sé leo a ndíchreideamh agus stuacacht a gcroí, mar nár chreid siad an mhuintir a chonaic é aiséirithe.
Agus níl ionainne ach finnéithe bréige ar Dhia de bhrí gur dhearbhaíomar ar Dhia gur thóg sé Críost ó mhairbh, rud nach ndearna sé más fiór nach n‑aiséiríonn na mairbh.